Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0503
- XML “Éanacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Má thagann cearc insteach san dteach agus tráithnín ar a ruball gheobhaidh duine éicínt bás.
Ní cheart uibheacha a chur faoi gé óg.
Níl sé sona gairm an choiligh a chloisteáil tar éis sé a chluig sa tráthnóna.
Bíonn na sicíní a thagas amach i mí Mheithimh lag agus ní cheart uibheacha a chur i mí Mheithimh.
Ní cheart blaosg uibhe a chur san dteine mar ní bheirfidh na h-éanacha uibheacha feasta.
Is ceart cearc a ghlaodhann ar nós coiligh a mharbhadh.
Dúisigheann na rudaí seo an diabhail:- bean ag feadghail
Cearc ag grágghail.
Nuair a cídhtear snag breac deirtear
Aon do'n mhí-ádh
Dó do'n ádh
Trí do'n chrádh
Cúig do'n airgead
Sé do'n ór
Seacht do'n rún faoi chlúid go deó.
Nuair a bhíos dhá chirc ag troid tiocfaidh sráinséar.
Nuair a fheictear dhá coileach ag troid pósfar duine.
Nuair a bhíos na cearca ag sgriobadh faoi sgeich tá fearthainn ag teacht.- Bailitheoir
- Brígid Ní Éalbháird
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mike John
- Inscne
- Fireann