Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0504
- XML “Reilig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní ceart máthair a dul chuig an reilg leis an gcéad páiste a gheibheann bás.
Deirtear go mbíonn mí-ádh ar an duine a thuitheas i reilg.
Nuair a bhíos duine ag dul ar tórramh is ceart salann a chur ina bhéal agus gránna nó dó a chaith san dteine.
Má thuiteann clog nó pictiuir gheobhaidh duine bás.
Nuair a gheibheann duine bás ní cheart sul treasna air - níl sé sona.
Ní cheart duine mairbh a fhágáil san leabhaidh ina bhfuair sé bás.
Ba cheart go n-iompróchaidhe an trosgán bun ós cionn ar a raibh an cónra fágta.
Ní cheart trosgán tighe a chur amach an doras roimh an gcónra.
Ní cheart an teach bheith gan aoinne nuair a imthigheann an tsochraid.
Is ceart cosg a chur leis an gclog nuair a gheibheann duine bás.
Má bhíonn socraid scapuighthe beidh ceann eile sar i bhfad.
Má bhíonn brionglóid ag duine faoi daoine marbh cloisfidh sé ó na daoine beo agus tá bainis le teacht.
Is ceart píopa a lasadh sul a imthigheann duine as teach ina mbíonn duine marbh.
An duine is déanaighe a fhágas an reilg sé is túisge a gheobhfas bás.- Bailitheoir
- Bríghid Ní Éalbháird
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Martin Tom
- Inscne
- Fireann