Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0509
- XML “Pisreoga Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní cheart fad siar a chur as an dteach.
Má bhíonn duine ag dul go h-áit ar bith agus má gheibheann cruidh chapaill ar an mbóthar beidh an t-ádh air.
Má gheibheann duine biorán ar an mbóthar is ceart comhartha na Croise a dhéanamh faoi trí uaire agus beidh an t-ádh ar an duine sin.
Má éirigheann an tuille ar an gcéad oidhche sa mblian beidh chuile rud daor an bhlian sin.
Má thagann an chuach ar chrann gan duilleóig díol do bhó agus ceannaigh ádhbhar.
Má tagann bláthanna an t-Samhraidh go luath sa mblian beidh droch aimsir ann ar freadh na bliana.
Má bhíonn Dia Dómhnaigh bréag bíonn an seachtmhain fliuch.
Nuair a bhíonnpáiste san gcliabhán is ceart tlú a chur treasna an chliabháin nuair a fhágtar an páiste ina aonar.
Is ceart smugairle a chur ar pháiste nua.
Is ceart fuil a dhoirteadh i gcóir Lá Fhéile Mhartáin.
Ní cheart stocaí a dhóigheadh.
Níl sé sona cúl sgiorta a dhóigheadh.
Deirtear nach ceart uisge na gcos a choinneál sa tigh ar feadh na h-oídhche.
Deirtear go mbíonn ádh i sparán easóige.
Dá dtagadh cat dubh isteach i dteach agus dá d'fhanadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Éalbháird
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Áine Hennigan
- Inscne
- Baineann