Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0522
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tháinic an Mhaighdean Mhuire isteach i dteach agus Mac Dé ar a bocán aici agus níor fhág bean a' tighe istigh í. Chuaidh sí isteach i dteach eile annsin, agus d'iarr sí lóisdín agus d'fhág an bhean sin istigh í. Nuair d'imthigh siad ar maidin, d'fhiafruigh an Mhaighdean Mhuire do Mhac Dé céard a dhéanfadh sé leis an mnaoi nár fhág istigh iad. Dubhairt sé go dtiubharfadh sé dhá mhac déag dhí, agus chuile dhuine aca a bheith aice ar uair a báis. Agus d'fhiafruigh sí dó céard a dhéanfadh sé leis an mnaoi a d'fhág istigh iad. Dubhairt se go dtiubharfadh sé dhá mac déag dí, agus gan aon dhuine aca a bheith aici ar uair a báis.
"Agus nach mór an mhaith atá tú ag déanamh ar an mnaoi a chuir amach muid thar an mnaoi a d'fhág istigh muid ? adeir an Mhaighdean Mhuire.
"Muise" ar seisean, "beidh siad sin ag teacht 'n-a chúig aingeal déag roimh an mbean a d'fhág istigh muid gá treórú agus ag déanamh eoluis di go na Flaithis, agus ní bhéidh siad sin roimh an mnaoi eile chor ar bith".- Bailitheoir
- Caitlín Ní Mhurtaigh
- Inscne
- Baineann