Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0529
- XML “Bás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a cailltear duine idtig 'n-a mbíonn clog ar suibhal stoptar an clog agus ní cuirtear ar suibhal arís é go mbíonn an duine curtha. Nós eile atá coitchiannta i gCo. Shligigh seardh gan an luath ó'n dteine a chur amach as an dtigh go mbíonn an socraid imthighthe. Déantar carn de le h-ais na teineadh nó cuirtear i sean bhuicéád í.Deirtear nach ceart deor a shuilt go ceann dhá uair a chluig tar éis an duine d'fháil bás. Fir is mó bhíos ar thórramh agus is mó fhanas ann go maidin.Ní cheart do mhnaoi aonrach dul isteach i dtig cuirp. Ba cheart bean eile bheith léi.Tugtar píosa de chré agus tobac do gach duine a théigheas isteach i dtigh ina mbíonn duine marbh. Tá buadh fé leith i maide cuill i n-aghaidh droch-sprideanna.Má tá duine le bheith curtha ar an Luan is gnáthach fód dé'n uaigh a ghearradh Dia Dómhnaigh.Níl sé sona éádach a ghearradh nó gruag a ghearradh ar an Luan.An duine is deireannighe chuirtear i roilig deirtear go mbíonn an duine sin ag tarraingt uisge chun na coda eile go dtagann duine eile.Ní théightear aon bhóthar nua le corp má's féidir(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Giollaruaidh
- Inscne
- Baineann