Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0541
- XML “Scéalta Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rí ann fadó agus bhí inghean aige. Bhí gort mór coirce aige agus cur an rí mar chúram ar an inghean na h-éin do ruaigirt as. Cáilín cráibhtheach a bhí innti a bhí tugtha do phaidreóireacht. Chíodh sí an Mhaighdean Mhuire uaireannta agus bhíodh sí brionglóideach gan áird aici ar a mbíodh in a timcheall. Mhillidís na h-éin an coirce agus bhíodh a h-athair ar buile chuici agus gheibheadh sí griosáil maith uaidh.
Chuir sí paidir leis an Mhaighdin Muire go bhfeicfeadh sí chuige nach dtiocfadh na h-éanacha le linn a paidreacha. Chualaidh sí mar cogar:— “Fág doras an sgiobóil ar fhoscailt” Rinne sí amhlaidh agus ní raibh éan ó’n ndreóilín go dtí an iolar nár bhailigh isteach sa sgioból, agus d’fhan siad ann nó go raibh na paidreacha ráidhte.
Nuair dfhás sí suas bhí sí maisiúl agus thug fear saidhbhear grádh dhí. Bhí a h-athair sásta ach ní raibh sé in intinn an chailín pósadh. Uair dá dtáinig an fear ar chuairt chuici d’fhiafruigh sí dhe, cé’n fath a dtug sé grádh chómh mór sin dí
“Mar gheall ar do shúile gorma breaghtha” ar seisean
Fuair sí oirlis agus bhain sí amach a dá shúil(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maire S. Níc Dhuarcáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mike Tom John
- Inscne
- Fireann