Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0603
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Beirt leanbh do bhí sa chlíobhán ag mnai bocht agus bhí sí cráidhte aca bhíodhar leice breohite, crosta, dhein sí leite, lá, agus bheir sí an leite go dtí fear a' tighe ar a' ngort. Nuair a bhí sí imithe tháinig duine éigin ar a tuairisc ó'n tigh. Nuair a tháinig an duine chuala sí an chainnt istigh. "A Chathail, a bhfeachaís biodh braimil. eóige ar ghort riamh?"
"Ní fheaca," arsa Cathal
Mhise, Chathal," arsa Fíothal, "tairrig chugat do phiopaí agus seinn túin."
Do sheinn sé rúin ana-bhrágh go léir ansan. Nuair a stad sé, dubhairt sé le fíothal:
"Fhíothal," ar seisean, "an cuimhin leat-sa Cath Meidhe?"
"Is cuimhin", arsa Fíothal, "agus dá chath déag roimh sin."
Nuair a tháinig an mháthair ón ngort d'innis an bhean a bhí amuigh dón mháthair céard a bhí ar suibhal aca - Ar leanamhaint ar