Scoil: Barrow (uimhir rolla 11850)
- Suíomh:
- Bearrúin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó hUallacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a cuirtear phrátaí i leabaidh. Sáidhtear an rann sa leabaidh agus caithtear sgiolán síos sa pholl a deintear. Cuirtear trí nó ceathair sgioláin i leithead na leabhtann.Bíonn urlach (mála ar dheanamh an mhála a bhíonn ar buachaill sgoile) lán de prátaí ag duine nuair a bhíonn sé ag sáith na sgiolán. Bíonn sreangan an urlaich tímcheall thar a ghualann agus sreangán eile tímcheall a choim. Bíonn an úrlach roimis amach, agus d'réir mar deineann sé poll tógan sé sgiolan as an mála agus caitheann sé isteach sa pholl é.Nuair a bhíonn na prátaí ag teacht ar barr cuirtear an chead chré leó. Treabhtar na clasa (furrows) lé ceachta singil agus cuirtear suas an cré lé sluasaid. I gcionn trí seachtmaine nó mar sin cuirtear an aith-chré ortha, sé sin nuair a bhíonn na gais cuibhseach árd. Is lé ceachta dúbalta a cuirtear cré ar phrátaí ins na drilleanna. Glantar iad cúpla uair i rith an t-samhraidh agus cuiretear an stuif (spraying) ortha. I ndeireFóghmhair a bainntear(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó hUallacháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)