Scoil: Barrow (uimhir rolla 11850)
- Suíomh:
- Bearrúin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó hUallacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Barrow
- XML Leathanach 180
- XML “An Ceantar Anseo”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ní deintear é sin a thuilleadh anois. Tá uaigeacha buailte leis an dteampaillín, agus ó am go h-am nochtar cuid acu. Nochtadh plaosg fir ann ó thághas-sa go dtí an gceanntar, sé sin cúpla bliadhain ó shoin. Deir na daoine annso gur sa teampaillín seo do rugadh Naomh Breanndán, agus gur ó'n áit seo do sheól sé go h-America. Seacht míle ar an dtaobh thiar thuaidh de Thrághlí atá an áit seo.
(gan teideal)
“Bhí linn Tighe i mBaile Taidhg (Ballyheigue) i n-aice le Ceann Ciarraí”
Níl puinn beal-oideas lé fághail tímcheall annso, ach sgealta i dtaobh na bpúcaí amháin, agus rudaí mar sin. Bhí seanfhear ó'n gcómharsanacht so ag ínnsint sgéil dom tamall ó shoin. Ar an mbóthar a casadh orm é agus ní raibh peann na páipéár agam an uair úd, ach sé seo leanas tuairisg air.
Bhí línn tíghe i mBaile Taidhg (Ballyheigue) i n-aice lé Ceann Chiarraídhe. "Corridans" a b'ainm dóibh. Aon uair a cailtídhe duine sa tig, cuirtí an cómhra 'na mbíodh an duine marbh amuich ar bhárr na faille tamall ó'n dtig, agus ar maidin bhíodh sí imthighthe. Bhí an rud so ag tuiteam amach ar feadh bliadhanta. Thárla gur cailleadh mac lé mnaoí áirighthe sa chómharsanacht agus chuir sí an cómhra ar bhruach na faille an oidhche sin, agus d'fhan sí ag(leanann ar an chéad leathanach eile)