Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)
- Suíomh:
- Tobar Mhaigh Dor, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)feadh seachtmaine roimhe sin bíonn muinntear an tige go gnóthach. Marbhuigheann síad dosaon gé, trí caoirigh. Ceannuigheann síad bairrile lún dúbh agus cúpla buidéal uisge beatha. Annsan tugann síad cuireadh do gach duine sa pharóisde idir óg agus aosta. Timcheall a dódhéag a chlog san oidhche itheann gach duine dá mbíonn i láthair. Tairéis an tsuipéir annsan osgaltar an bairrle agus is geárr go mbíonn ag tig na rí-rá le neart óíl. Annsan tosnuigheann na fir ag amhránuidheacht agus cheapfhadh duine go dtachtfaí íad leis an scréachadh a bhíon ar siúbhal aca. Timcheall a cúig a' chlog ar maidin tosnuigheann síad ag sgaipeadh agus bíonn an tig ar nós cró na muice núair a bhíonn síad go leir imthighthe. Ce go mbíonn mór chuid trioblóide ag gábháíl leis bíonn ana spórt aca agus taithnigheann sé go mór leó go mór, mhór na sean daoine.(an seóladh céádna)
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí