Scoil: Gníomh go Leith (B.) (uimhir rolla 1703)

Suíomh:
Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Cormac Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 374

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 374

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gníomh go Leith (B.)
  2. XML Leathanach 374
  3. XML “Seanscéal - Mac Doodle agus an Rum”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá amháin tháinig fir-taistil an Iarla Chinn Mhara cun an t-sráid bhaile seo. Cuadar isteach ins an dtigh tábhairne seo, agus cé bheadh istig rómpa ach duine agus leas-ainm Mach Doodle air.
    Bhiodar ag ól ar feadh tamaillín. Bhí cailín teasaidhe ann san am chéadhna. Fear deas laoghach do b'eadh Mach Doodle cé go raibh sé bocht. Bhí fhonn cun rum air, ach bhí sé ró dhaor dó. Tar-éis tamaill eile ceannuig duine de's na h-uaislibh leath-phint rum dó féin. Cuir sé ar an gcúntar é, agus chuaidh sé amach sa clós. Gaibh fonn an rum Mach Doodle. Amach leis, agus nuair a bhí sé ag gabhail tar an rum do chuir sé taobh istig dá cóta é. D'ól sé amuig sa clós é. Nuair a tháinig sé isteach bhí mustar mar gheall ar an rum air ach bhí na h-uaisle ar buille nuair ná raibh an rum roimhe.
    Seo arsa Mach Doodle "má bheirim ar an duine, d'ól an rum, tabharfhaid mé dó ar rud a thug Pádruig don druma" Ach arsan cailín aimsire "má thugann tú an rud a thug Pádruig don druma thabharfaidh mé duit-se an rud a thug Mach Doodle don rum.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Michael Daly
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Mrs Julie Moynihan
    Inscne
    Baineann
    Aois
    78
    Seoladh
    Gníomh go Leith, Co. Chiarraí