Scoil: Srón (uimhir rolla 9090)
- Suíomh:
- An tSrón Bheag, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Srón
- XML Leathanach 084
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear in a chómhnaidhe timceall na haite seo fadó. Bhí sé ana seidhbhear, agus fear na casóige goirme a gláodtí air. Ní raibh aige ac áon mhach agus núair deirig sé súas in a fhear do cailleadh é. Bhí úaigneas an tsáogail air in dhíaid an mhic. Cheap sé go gcoiméadfhadh sé tórramh air ar fead trí oidhce, agus do dhein sé é. An tríomhadh oidhche tóghadh as an mbórd é os cómhair a agaidh amach. Ní fheadfadh sé áoinne d'fheiscint, agus sar a raibh an lá ann tugadh isteach arís é, agus cuireadh ar an mbórd é san tslíge céadhna in a raibh sé, agus ní fheadfadh sé áoinne dfheiscint á dheanamh ach cómh beag. Dúbhairt sé annsan go gcoiméadfadh sé torramh ar feadh oidhche eile, agus do dhein sé é. Má seadh dod eineadh an rud céadhna mar ar deineadh an oidhche roimhe sin,. Ansan dúbhairt sé ná chuirfead sé coidhche é go dtí go mbeadh fhios aige cá raibh sé ag imtheact. Cuir sé fógra amach go dtabharfadh sé lubháil maith don té a fairfeadh air ar feadh na hoidhche. Tagadh duine éigin gach áon oidhche ar fead tamaill mhaith ach má seadh ní bhíodh áon túairisg ortha ar maidin. Fé dheire tháinig cailín agus dhein sí margadh le fear na casóige goirme go bfairfeadh sí féin é cun na hoidhche ach go caithfeadh sé coinnle a thabhairt dí cun lasadh, leabhar cun bheith(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraig Mac Carrthaigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Lios na gCeann, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Brigid Bean Uí Loinnsigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Dúcharraig Bheag, Co. Chiarraí