Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (C.)
- XML Leathanach 293
- XML “Arán”
- XML “Arán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tháinigh bean a tighthe agus tubáil breág glan aici chuir sí an staimpí isteach ann agus dáisg sí le na dhá láimh é.
Nuair dáisg sí é do bhuail sí in áirde ar an mbórd é agus annsan do dhein sí arán de agus nuair a bhí an t-arán deunta aice do.
Do chuir sí an greidill ar an dteine agus do chuir sí an t-arán ar an ngreidill agus nuair a bhí an t-arán bacálta b'é an t-arán maith é féin.Máire Ní Shéaghdha
Lónart. - Greatáir isteadh an gléas a bhíodh ann fadó chun prátaí do greata.
Níghtí na prátaí agus an greatáiir agus seríobtaí corcán mór staimpí.
Gheibhtí éadach garbh agus d'fhaoist amach an t-uisce as an staimpí.
Buailtí ar an mbórd agus cuirtí fó-cupán plúir tríd an steaimpí agus deintí císte agus cuirtí síos ar an ngreidill é.
Nuair a bhíodh sé bácálta do bhuaileadar cúcha ar an mbórd é agus pláta ime agus sin sórt arán a bhíodh ann fadó
Do meileadh an coirce sa bhaile le bróinte.
Sé an mhuileann a bhíodh ann fadó ná dhá carraig cluic agus iad pollta mion agus do chuid coirce do chuir isteach i gcorcán ós cionn na teine.
Clár d'fhágailt annsan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríd Ní Muircheartaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cromán, Co. Chiarraí