Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (C.)
- XML Leathanach 302
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán (ar lean)
“Dímí go suairc agus bímíd go groidhe”
(ar lean ón leathanach roimhe)"Trí cupán nimhe a mhátairín óig,
Agus comraidh mo leabaidh táim breoidhte go léor" III.
"Cad a fágfaidh led mháthair a bhuacaillín óig?
Cad a fágfaidh led mháithirín a laogh ghil 'gus a stór?"
"Mo thig is m'áit a mháthairín óig,
Agus cómraidh mo leabaidh taim breóidthe go leór?" IV.
"Cad a fágfaidh led leanbhaí a bhuacaillín óig.
Cad a fágfaidh led leanbhaí a laogh gil 'gus a stór?"
Tá an dúthaig fairsing acu a mháithairín óig,
Agus cómraidh mo leabaidh táim breóidthe go leór" V,
"Cad a fágfaidh led bhean a bhuachaillín óig?
Cad a fagfaid led bhean a laogh gil 'gus a stór?"
Ag seasamh in-eifreann a loscadh is a dhóghadh.
Agus cómraidh mo leabaidh táim breóidhte go leór" VI.
"Cár mhaith leat bheith curtha a bhuachaillín óig ?
Cár mhaith leat bheith curtha a laogh ghil 'gus a stór ?"
"I dTeampall Cill-Choinnig a mháthairín óig,
Agus cómhraidh mo leabaidh táim breóidhte go leór"Bríghid Ní Shúileabháin
Cromán Uachtar.
Fuaireas an t-amhrán so ó -
Bríghid Bean Uí Charrún,
Cromán Uachtar.- Bailitheoir
- Bríghid Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bríghid Bean Uí Charrún
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí