Scoil: Siolbhrain (Shelbourne) (uimhir rolla 5235 or 5484)
- Suíomh:
- Gort Rúscach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Síghle, Bean Uí Thuama
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Connus mar a bhfuair Neidín a hainm.Bhí fathach an sa tríomhadh aoise, mar b'ainm do Éin. Bhí an talamh go léir aige ó Chill Garbháin go dtí an Abha Dubh. Aon fhear, nó bean, nó páiste a bheirfeadh sé air sa talamh, d'thógfadh sé leis é, agus do bhainfeadh sé a cheann de, nó dheinfeadh sé gead, & chuirfeadh sé mór-thimcheall a mhuinneál, & chrochfadh sé ar chrann é. Ní bhíodh bó ná capall ar an áit ná mhairbheóchadh sé agus d'íosfadh sé iad.
Bhí na daoine in a gcruadh-chás. Chuireadar fógra go dtí an Rí Cormac, fear a chur anuas chúca, chun an fháthach d'mhairbhiú. Dubhairt an Rí go dtiocfadh sé féin, ach níor leogradh na Fianna é theacht.
Tháinig Fionn Mac Cumhail, & triocad fear & capall bán ag gach aoine aca. Do bhuaileadar ar lucht cóisire i Sráid Luimnighe, & chuireadar an rith ortha.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ceallacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ashgrove, Co. Chiarraí