Scoil: Siolbhrain (Shelbourne) (uimhir rolla 5235 or 5484)
- Suíomh:
- Gort Rúscach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Síghle, Bean Uí Thuama
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Siolbhrain (Shelbourne)
- XML Leathanach 083
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1) Gan mhuc do mharbhadh ar an Luain2) Gan do chuid gruaige do ghearradh ar an Luain
3) Cutting your nails on Sunday is the same as eating meat on Friday
4) Aistriú an Luain ó Thuaidh, nó aistriú an Aoine ó dheas, muna mbeadh agat ach pocán ghabhair ní dóca go rithfeadh leis
5) Dul amach an dorus céadna is a thángais isteach, i.e. gan dul amach an doras iadhtha, má thángais isteach an doras ar aghaidh an tighe
6) Má théigheann tú isteach idtigh, is go mbíonn cuigeann á dhéanamh ann, ba chóir duit buille de'n loinithe a bualadh; nó má's bairrile é, é a a chasadh, mar bheadh eagla ar muinntear an tighe go mbéarfá an t-im leat, muna dheanfá é sin.
7) Ní ceart bláthanna na sgeice gile a thabhairt isteach idtigh; tá mí-ádh éigin ag baint leo. Ní ceart, leis, an buachallán buidhe a thabhairt isteach idtigh. Luibh iseadh é sin,(leanann ar an chéad leathanach eile)