Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 237
- XML “Obair na nDaoine Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bpoll agus thuiteadh píosaí beaga den bpráta agus an t-uisce i mias éigin. Annsan dheinidís an brus agus uisce d'fháisceadh le lín éadach, d'fhágadh siad an t-uisce in aon mhias agus tar éis tamaill théidheadh stuif bán chun suaimhnis ar thóin na méise agus as an rud san dheinidís stáirse. Sa tslíghe chéadna dheinidís "steaimpí" fadó acht choinnídís brus na bprátaí. Chuiridís grán phlúir tríd, dheinidís righin é go dtí go mbíodh sé bácáltha. Is minic d'itheas (do itheas sa lámhscríbhinn) agus samhluighim gur biadh folláin é leis. Dob'é béas na ndaoine fadó é do dhéanamh go minic agus tar éis prátaí do bhaint bhailigheadh na daoine in aon tigh chun cistí "steaimpí" do dhéanamh. Ní raibh an tae in úsáid an uair sin agus dob'é an bainne a hóltaí (n-óltaí sa lámhscríbhinn) leis an "steaimpí". D'airigheas fear a rádh gurbh é "steaimpí" a bhíodh aige chun breacfeásta agus é ina gharsún ag dul ar scoil - go scoil Ghort na Binní i mBunán agus tá an fear ina bheathaidh fós.Ó Phádraig Ó Súilleabháin, aois 65 bl., fear an phuist, Milíní, Bunán.
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí