Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- LeigheasannaBhí mórán leigheasanna ag na seandaoine i mBunán fadó agus is annamh a cuirtí fios ar dhochtúir agus duine breoite in aon tigh. Thagadh mná an bhaile isteach chun an duine bhreoite d'fheiscint, thugaidís leigheas do mhuinntear an tighe agus i gceann tamaill bhíodh an duine ar a chosaibh airís. Seo dhíbh cuid aca a triaileadh tímcheall na háite seo: -Cneadh: - Gheibhidís slánlus, chuiridís duilleoga i ndeárnain a lámh, bhuailidís leis an láimh eile iad agus chuiridís ím úr orrtha. Cuirtí an ceiridhe san leis an gcneadh.
Cneadh: - Cuirtí "maitheas na bó", is é sin bualthaighe (bualaidhe sa lámhscríbhinn) don gcneadh.
Cneadh: - Cuirtí líon an dubháin alla don gcneadh. Nuair a bhíodh sé ag tabhairt fola, ritheadh duine amach go dtí tigh na mbó agus thugadh sé an leigheas isteach mar is i dtigh na mbó [a] bhíodh an dubhán an-iomadamhail.
Cneadh: - Cúnlach a fhásann ins an riasc(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig O Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí