Scoil: An Clochar, Neidín
- Suíomh:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Brighid Ní Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán Pháid Buí
“Duine bocht fánach do bheadh é, Ní raibh ag na creabh aige”
Duine bocht fanach do b'eadh é. Ní raibh tig na treabh aige. Bhí feirm ag a mhuinntear tráth ach tháinig an dealbhas 'na dtreo. Fuair na túismuightheóirí bás agus fágadh Paid go h-aindhis. Ní raibh aon dúil aige in obair agus chaith sé an cuid ba mhó d'á shaoghal ag gabháil timcheall ó thig go tig i nGleann Laoi. (Glenlea) Chaitheadh sé a lán d'á chuid ama ag cumadh amhrán. Bhí dúil millteach sa bhraon aige agus bhíodh na sagarit i gcomhnuidhe ag gabháil dó ach níórbh aon mhaitheas dóíbh é. Toisc gurbh é an seachtmhadh mach de'n chlann é bhí comhacht aige an fearsaí a leigheas. Bhódh an galar sin ana chomónta imeasg na gcapall an uair sin agus is mó "braon" a fuair Paid de bhárr an leighis. D'fhéad sé tinneas fiacal do leigheas leis. Uair amháin d'eirig leis an sagart iacall achur air an geall do ghlacadh agus seo amhrán a chúm séNí'l mo shláinte ar fógnamh
Ó scaras leis an ól seo
Tá casachtach is breóíteacht
Is galar trom im chroidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Thuama
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Maighréad Bean Uí Thuama
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort Leathard, Co. Chiarraí