Scoil: Leithead (uimhir rolla 5480)
- Suíomh:
- An Leithead, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leithead
- XML Leathanach 069
- XML “Locht na Moille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon lá bí fear ag teact abhaile ón aonac, agus bhí bó aige nár dhíol sé. Do cásadh air beirt Gárdaí agus fear eatra. Dúbhairt an fear leo an fear a leogainn saor, agus go dtúrfeadh sé an bhó dóibh. Dúbhairt na Gárdaí nár theastuigh an fear úaithe in aon cor, agus do mbfearr leó an bhó. Thugh sé an bhó dhóibh, agus thánaigh an fear leis. Bhí tóramh in aice le fear na mbó, chúaidh an bheirt fhear go dtí an tóramh. Núair a bhí múintear a tíghe ag cuir an bean isteach sa chómhrain do chuireadar bosca óir síos lé, agus do chuireabh í. An oidhche sin dúbhairt an fear a thánaigh le fear na mbhó, teacht agus an t-airgead dfághailt ón roilg, ach ní raghadh an fear. Cúaid an fear óg go dtí an roilg é fein, agus fúair sé an t-ór, agus thógh sé an bean marbh leis. Do cuir sé isteac i dtig an bhainne a fir féin agus cuir sé scoimín i na láimh agus an maidin nba díagh san, núair a chúaidh fear a tíghe amach bhí an bainne go léir tímpeall a tíghe, agus bhí an bean ann. Cúaidh sé airis léi agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Cathasaig
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Úi Shúileabhain
- Inscne
- Baineann