Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tráthnóinín aoibhinn is mé ag feoghar a(n) ghleanna
Is mé ag seoladh na ngamhann faoin bhfásach
Seadh do casadh orm spéir bhean , mhaordha mhaiseamhail
Cuín tais, banamhail , mhaúla.
D’fiosruigheas féin de’n spéir bhean chailce
A dtacfadh sí seal go lá liom
‘S gur le fáinne an lae beam araon ‘nár seasamh
Ag seoladh na ngamhann faoin bhfásach
II
‘S ar lorg na ngamhann a d’fhágas a’ baile
Agus ceann ní bhfaigheam go lá díobh
Tá m’athair gan chiall un diaidh sa bhaile
Is mo mháithrín go buartha , cráidthe
Dá geobhainn cead saor ó mhaor na coille
Fear a thabhairt go lá díobh
‘S gur le fáinne an lae beam araon ‘n ár seasamh
Ag seoladh na ngamhann faoin bhfásach
III
T’a crann cumhartha i luíb na coille
Agus ragham araon go lá ann
Mar a mbeadh ceol bínn na n-éan
D’ár síor-cur a chodladh
Coillte agus tortha ag fás ann
Beidh an corn dá líonadh ann croidhe gan dochuiadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceapaigh na gCrann, Co. Chiarraí