Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)
- Suíomh:
- Bun Inbhir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siobhán Ní Choncubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bunaneer
- XML Leathanach 210
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Briseann an duatcais tré shuilibh an chait
Nuair a bíonn an cat ag (rinnce) amuic bíonn an luch
ag rinnce.
Sé an t-amadán chríona an t-amadán is mheasa.
Is ag duine féin is fearr a fhíos cá luigheann an bhrog
An faid a beadh an feár ag fás geobhad an capall bás.
Seachainn teanga liom leat.
Muna gcuireann tú san Earrach ní bhainfid tú sa bhfóghmhar
Is fearr a bheith diamhóin ná droch gnótach.
Ritheann uisge doimn ciún.
Ní bhíonn saoí gan luch.
Mar a chapaill agus geobhair féir.
Ní h-iad na mná deasa a cuireann an pota ag fiucadh.
Bean mhich agus máthair céile cat is luch indiad a céile.
Fear na bó féin fé na heirbeall
Ná breith an leabhair fén cluadach.
An t-uan ag muineadh méilidhe dá máthair
Tig i mbéul mbóthair ní taisteal é ach comhgar
Gnó féin gnó gach einne.
Cabhruig le'd thír féin.
An té go bhfuil ainm na moch eirighe air ní foláir dó
codhladh go h-adharca.
An rud a sgríobhann an púcha léigeann sé féin é- Bailitheoir
- Bríghid Ní Suilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Fionán Ua Suilleáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Neid an Eoin, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Catsaig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Neid an Eoin, Co. Chiarraí