Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)
- Suíomh:
- Bun Inbhir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siobhán Ní Choncubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bunaneer
- XML Leathanach 217
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Mathghamhna as a seilbh. Cuir sé an fear bocht as a seilb mar bhí fhios aige go maith ná raibh aon airgead annsan cuir sé fíos ar an Tigearna Talmhan a bhí na comnuidhe shall i Sasana idtaob an fear seo agus dubhairt sé leis go raibh an tineónthaithe seo ana triobhlóideach agus go gcaithfead sé é cur as a seilbh.
Annsan bhí an feirm fé lámhaibh an t-agent agus tug sé é do tineontha a cheap sé go bfheadfhead sé go bfheadfeadh sé an oireadh cíosa a tubairt as. Annsan thug an tineónta sin ficeadh púnt no mar sin dó agus bhí sé sásta. Is amhlaid a bhíod an t-agent ag lorg leath scéal igcómhnuidhe igcóir an feirmeóra ná bfeadhfeadh an oiread cíosa a thubhairt dó.
Nuair a théigead na tineóntaithe ag díol an cíosa bíod eagla an domain ortha roim na tígearnaí-talmhan. Ní leogfad síad hata ná caipín ar a gceann an neomat a cífheadh síad an tíghearna agus dá mbeadh roinnt airgid in n-easnamh do thóghfad sé an tairgead 'na láimh agus steallfhad sé igcoinnibh an fhalla é. Bíod an cíos ag meadúghadh in-aghaidh an lae idtró is go mbíod a gcroidhe briste ó bheith ag obair agus beith ag cúimneamh air.- Bailitheoir
- Máire Ní Súilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Suilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Na Gabhláin, Co. Chiarraí