Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)
- Suíomh:
- Bun Inbhir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siobhán Ní Choncubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bunaneer
- XML Leathanach 224
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Shean Fhocail
Ceatharar Sagart gan bheith sainnteac ceatarar franncach gan bheith buidhe is ceatharar greasaidhe gan bheith bréigeach sin dá dhéag iná bhfuil sa tír.
Fear a bailiugheann impire caitheamh rábaire.
Is fearr an chú a bhíonn ag siúbal ná an cú a bíonn na lúb
Nigheacháin slach an Satharn bheith sé geal Dé Domnaig.
Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.
Éist le fuaim na h-abhann agus geobair breach.
Mar a bhfuil agat ach pocáin gabair bhí ar lár an aonaig leis.
Ní luib ná leigheas in agaidh an bháis.
Roitheann uisce doimhn cúinn.
Dá mbeadh Sionnan go Samhain bheadh breall ar duine éigin.
Dá fhaid é an lá tagann an oidhche.
Is olc an bean beó ná cuirfeadh bean marbh.
Milleann muilte Dé mall agus milleann mion mín.
Is fearr an troid ná an tuaisneach.
Is fearr rith maith ná droch-sheasam.
Aithnigheann aon ciaróg ciaróg eile
Domhnach na failme agus satharn cásga bionn an ghrian ag rinnce le h-áthas.
Ní bailiugheann cloch reatha cúinleach riamh.
Is fearr focal sa cúirt na púnt sa sparán.
Is fearr bheith díomhain na bheith droch gnótach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ua Gealbháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Beitheachán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Concubhar Mach Giolla Cudha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Beitheachán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ua Murcudha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Beitheachán, Co. Chiarraí