Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)
- Suíomh:
- Bun Inbhir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siobhán Ní Choncubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bunaneer
- XML Leathanach 226
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ba le Iarla Corcaighe an ceanntair seo (Doire Fhíonáín) fadó acht bhí sé ar léás ag na Connallaig ó aimsear Dómhnall Mhóír go dí gur thóg an Ríaltas ó na tighearnaí talmhain é.Bhí ó Chathair Dómhnall soir cómh fada le Poll Daireach ag na Connallaigh go aimsear an Conpailéára. (?)Bhí meas ag na daoine ortha mar ná rabhdar ró chruaidh ortha i dtaobh an cíosa agus ní cualadh go gcuireadar as seilbh acht aoine amháín baintreabhach bocht agus deirtear gurb é an ceathearnac nó an agent fé ndeara í sin do chur amach nuair bhí an Connallach as baile.Thug an baintreabhach a mallacht dóíbh seo bhí ' á cur amach.Níór chualadh connos a fuair na tighearnaí seilbh ar an dtalamh ar dtúis ná ní chualadh cathain a roinneadh na feirmeacha é. Acht bhí na tinéodtaidhté go mó fé na smacht agus aon rud a bheadh uatha le déunamh is air na tineóntaidhthe a ghlaodhfaidís agus dá mbeadh rud ag teastaíl ós na daoine bochta chaithfidís teacht fé na ndéín caipín ar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Dómhnall Ua Céitig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 11
- Faisnéiseoir
- Bean N. Ní Céitig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Doire Fhíonáin, Co. Chiarraí