Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)
- Suíomh:
- Bun Inbhir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siobhán Ní Choncubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bunaneer
- XML Leathanach 241
- XML “Bia na Seanaimsire”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)íósfhadh síad a ndóithin de lá Nodhlaigh mar deireadh síád muna n-iosfhadh síad a ndóithin an lá sin, ná n-íósfhadh síad a ndóíthin i rith na blíadhna. An lá roimh Áoine an Céasa téigheadh na daoine chun an dtráígh chun bárnach agus príocháin a priochadh i gcóír Áoine an Céasa.
- Bhí bean na cómhnuidhe sa ghleann fadó ar thaobh bóthair, sé an ainm a bhí uirthe ná Bean Dubh an Gleanna. Bhí abha ag rith tríd an bhóthair chongharach léi, agus áoine a bhéarfhadh sí ghan bheith ar an dtaóbh eile de'n abhainn marbhuigheadh sí é, agus áoine a bhíodh imthighthe treasna na h-abhann thaghadh sé sáor úaithe mar ní fhéadfhadh sí dul treasna na h-abhann. Bhí fear na chómhnuidhe na h-aice agus chuir sé gheall le fear eile ná mharbhuigheadh sí é féín. Annsan dimthigh se ag marcaidheacht ar chapall. Do bhúail sí leis, annsan do dhein sí amhran bhréagh á mholadh í féín agus is é seo cúpla líne de:-"Mná síar deasa, mná fiona geala, mná eile dár bhfiú dhom áireamh dá bhfaghainn-se mo rabhann de mná deasa an domhain isí Bean Dubh an Gleanna do bhféarr liom." Do lean sí é agu ní cuimhnigh sí ar é mharbhuigeadh thar a dtáinig se go dtí an abhainn mar do bí sé tóghaithe súas leis an t-amhrán bréagh a dhein sé ag moladh í féín. Núair a bhí sé imthighthe treasna an abhainn do croch sé a lámh léí agus dubhairt sé