Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)
- Suíomh:
- Bun Inbhir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siobhán Ní Choncubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bunaneer
- XML Leathanach 309
- XML “Oíche Fhéile Seáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo nós a bíód ar siubhal ins gach aon ball nach mór. Nuair a thagadh Oidhce Feíle Seáin i gcómhnuidhe lastaí teinteacha móra ar gach aon baile ar fuid na dúthaighe. Teinteacha cnámh a tugtai ar na teinteacaibh sin.Is amhlaidh a cruinnuigheadh muintir gach baile le céile idir óga is aosda agus deindís a lán neithe - mar fhraoc agus aiteann críon, sean admhad, seana cnamha agus mórán rudaí eile dho bailiú i dteannta chéile in aon carn mór amháin agus annsan teine a cur leó t'réis tuitim na h-oidhche. Bíod an oiread san adhbhar teine bailighthe in áiteannaibh go gcoingbhightí na teinte cnámh ar lasadh go dtí uair an meadhon oidhche. Bhíodh muintir gach baile ag formad le na céíle leis feácaint cia'ca baile go mbead an teine cnamh is fearr ann. Bíodh mórán chaiteamh aimsire ar siubhal agus na daoine óga tímcheall na dteine cnámh úd Rince, agus spórt agus ceól agus sult agus greann. Nil san le feiscint anois. Mar cé go lastar teinte cnámh fós annso agus annsúd is fuirist a mbíonn de daoinibh óga tímhcheall ortha do cómhaireamh.
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Concubhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Siobhán Ní Conchubhair
- Inscne
- Baineann