Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an mbaile Drom-Locháin agus taobh istig fallaí Baile an Teampaill tá seana caisleán. Caisleán a Churrig tugtar air. Nuair a bhrath tigearna an caisleáin go raibh airim ag teacht cun an caisleán a thógaint uaidh, dubhairt sé le cuidh des na fir a bí aige poll a dheanamh tríd úrla an caisleáin go bhfeadfadh sé bosca óir a chur ann. Deineadh é. Cuir síad an bosca síos agus chuireadar clé agus cloca anuas air. Le na linn an chatha leagadh an caisleán, acht tá fallaí in a seasamh fós. Timhcheall le céad bhliadhna 'na dhiaidh chuaidh seisear fear oidhche ar a dó déag a chlog ag romhar le ráine feachaint an bhfaighidís an t-ór. Nuair thosnuigheadar tháinig tarbh buille ortha agus éin mmóra mar fhiolair ag scréacáil acht níór stopadar. Nuair bhuail fear aca bosca metal le a ráín, tháinig coca mór d'féar anuas tríd an caislean ortha, agus nuair a bhí se cun tuitim ortha go léir ritheadar agus is dóig liom nár chuaidh aoinne cun an ór dfághail ó'n lá san go dtí an lá indiu.Eibhlín Ní Laoghaire
Ceathrú na h-Abhann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Laoghaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Cobhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí