Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó, dairbh ainm dó "Taidg an Óir." Bhí lios in-aice a thighe - "Lios Caillighe," agus do chuala sé gur chuir duine áirithe muga óíg i bhfolach ann, agus gur chuir sé an t-ór sin i bhfad anúas fé an úrlár. Aon lá amháin, bhaineadh geith obhann as "Tadhg an Óir" agus do chuaidh sé ag tóchad na leasa. Ní raibh sé i bhfad ann nuair do fhuair sé an muga óír. Ach ní h-é sin deiread an sgéil. "Sprúnleóír" abh'eadh "Tadhgh an Óir." Ní raibh aon bannc ann an uair sin, agus do chuir sé an t-ór i bhfolach ar bharr faille áirde, agus bhí srúthán bheag ag rith in-aice na faille sin. Nuair tháinig an tuille do sgiobh sé an t-ór leis. Ansan bhí mí-ádh ar "Tadhgh," agus bhí sé ag lorg an t-ór ins gach áit, ach "mo léire" ní maith ann. Ach aon lá amháin nuair a bhí sé ag siubhal ag siubhal dó féín, ag ól a phíopa ar a shuaimhneas, cad a chonnaic sé idir dá chlich mhóir i lár an t-srutháin ach an muga óir. Nuair fuair sé an muga, bhí an t-ór go léir ann, agus "slán mar a innstear leath," fear saidhbhir abh eadh é ó shoin amhach. Bhí trí míle agus trí chéad "soibheirn Óir" aige.Ach ní chuir an t-ór an sprúinleóireacht as. Is amhlaidh a chruaid sé isteach ann, agus nuair a fuair sé bás, d'fág sé an airgead go léir in-a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síle Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Chonchubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí