Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuileannach (C.)
- XML Leathanach 334
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Fadó d'itheadh na daoine dó nó trí béilí sa ló, ach ar feadh an Chargaois ní íteadh na daoine acht aon béile amháin...”
Fadó d'itheadh na daoine dó nó trí béilí sa ló, ach ar feadh an Chargaois ní íteadh na daoine acht aon béile amháin, agus nuair a tháinig an té amach ar dtúis (seacthmadh blian ó shoin) d'óltaí an té gan aon bhainne nó súcra, ar feadh an Charghaois. Bhíodh na daoine na' suidhe go h-ana mhoch fadó, agus bhíod sé go dubh dorcha nuair a théighidís amhach ag obhair san ngort, agus bhíod siad ann go dtí a naoi a chlog. Ansan thaghaidís isteach cun a mbreachfast d'ithe. Prátaí agus, bainne ghéar, agus ím a bhíodh acha i gcómhair an breacfásta.Tar éis tamaill bhíod arán acha, "arán buidhe" a tugtaí ar an arán san. Ní bhíodh aon feóil acha fadó, mar ní raibh aon feóil le fághail ins na siopaí, ná ins na bailte móra an uair sin. Marbhuighidís cúpla ba uaireannta agus bhíod mairtfeóuil acha annsan. Ní bhíodh aon cupáin acha fadó, ach bhíodh mugaí agus crúscaí déanta de cloich, nó cloch mór labhéalta ag chuid des na daoine mar bhórd, agus d'itheadh chuid eile des' na daoine a mbéilí ag an úrlár.(Ainm agus seóladh an té a thug an méid eólais(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí