Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuileannach (C.)
- XML Leathanach 349
- XML “Cúram na gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is mór an deifriocht atá idir na daoine a bhí ann fadó agus na daoine atá ann anois. Fadó ní caitheadh na daoine aon bhróga ach do dheinidís saghas stocaí fadó gan aon bonn ortha agus gan aon chlúdach air na meireanna agus tugtaí "Lópaisí" mar ainm ortha. Is gnáthach le leanbhaí an láe indiu dul gan aon bróga ar feadh an t-samhraidh agus na haimsire breagh.
Fadó níghidís na cosa in uisce ná beadh ró fhúar ná ró the agus chuiridís salann ann. "Deirtí nár cheart an t-uisce sin d'fághaint istigh is t-oidhche mar go dtiocfhadh na daoine maithe isteach. Ní deintear aon bróga san áit seo anois, ach dheinidís fadó íad, ach tá gréasuidhe ann a dheisígheann iad. Bhí na gréasaidhthe i bhfad ní ba flúirsíghe fadó ná mar atá siad anois. Do chaitheadh na daoine bróga bonn adhmhaidh fadó agus caitheann siad fós íad. Ní leasuightear leathair anois, ach leasuigheadh fadó é i gCill-Airne.- Bailitheoir
- Bríghid Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí