Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuileannach (C.)
- XML Leathanach 369
- XML “Ainmhithe na Feirme”
- XML “Scéal i dtaobh Chapaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá ba, caoire, gamhna, agus capaill againn sa bhaile. Tá sé ba óga againn, agus dhá bhuin aosta againn. "Rós" ags "Cúibí" a tugtar mar ainm ar na búaibh aosta sin. Sé an rud a dheireann fear nuair a bhíonn na ba á thíomáint aige:- "Habha amach" agus " hí bó".
"Cró na mbó" a tugtar mar ainm ar tigh na mbó. Tuighe nó atthinn a chuirtear mar easair fé na búaib. Le Slabhraidí a cheangluightear na ba. Bíonn na slabhraidí déanta d'iarrainn.
Fadó choiméadtaí gabar leis na béidhithig cun go mbheadh rath ortha. Deineann chuid des' na daoine anois é. Nuair a ghlaodtar ar na cearcaibh deirtear "tioch, tioch",. Nuair a ghlaodtar ar na lachain deirtear:- "Fíadhain", Fíadhain". - Fuair sean bhean bás uair amháin. Tar éis bháis dí, nuair a bhíodar a cur isteach san comhra, mór thógadar a fáinne as a mear. Bhí capall mór láidir acha, agus cúpla oidhcheannta in-dhiaid san do thosnuigh sé ag rith mór-thímhceall na páirce chun go raibh fáinne mór déanta san bpáirch aige. Do chuireadar isteach sa stábhla é, agus bhris sé an doras. Do chuaidh sé amhach agus do thosnuigh sé ag rith arís. Fé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síle Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí