Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuileannach (C.)
- XML Leathanach 373
- XML “Scéal i dtaobh Bó a Chaill A Cuid Bainne”
- XML “An Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nGaédhilg dom:- Séamus Ó Cobhthaigh, Ceathrú-na-hAbhann
- Bhí an droch-shaoghail ann idir na blianta 1846-1848. "Bhí deichneabhar duine do gach dhuine anois," ins an áit seo fadó, agus do luigh an droch-saoghal go trom ortha. Cé go raibh alán stuic agus arbhair ag na daoine an uair sin, ní raibh arán ná feóil acha, mar do bhí ortha an stoc agus an t-arbhar do dhíol cun airgeadh cíosa do shóláthar do na tíghearnaí talmhan.Nuair a bhí na prátaí ag fás iseadh do tháinig an "Lobh Dubh" ortha. Níor meath na prátaí go léir sa bhlian 1846. Nuair a chuaid fear ag baint an cúpla prátaí a bhí aige, do théigheadh daoine in-a-dhiaidh, agus rámhain acha féachaint an mbeadh prátaí in-a-dhiaidh. Ar feadh na bliana 1847 ní raibh aon nídh le- n-ithe ag na daoine ach "prátaí lobhtha." Acht tar éis tamaill do thug an riaghaltas "mín buidhe" dóibh. D'ith siad an mín sin le bainne ghéar. Do dhein an riaghaltas bóithre annso agus annsúd(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síle Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí