Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuileannach (C.)
- XML Leathanach 389
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an t-ainm a bhí ar an dtíghearna talmhan a bhí san áit seo fadó ná:- "Risteárd Mac Giolla Chuda". Bhí sé 'na thígearna talmhan ar feadh seachtmhódh blian nó mar sin. Fear chruaidh abh'eadh é, agus ní raibh aon truagh aige dos na daoine bochta.Do chuir sé alán daoine as a gcuid talmhan, mar ní dhíolaidís an cíos dó. Nuair a chuir sé duine as a seilbh, do chuir sé duine eile isteach in-a-sheilbh.Is in aimsear " Cromail " a fhuair na tígearnaí talmhan seilbh na talmhan ar dtúis. Chuid de saighdiúirí "Cromail" abh eadh iad.Chuir " Cromail " an " Tígearna Chinn Mhara " in a sheasamh ar chaisleán, agus dubhairt sé leis go dtabharfadh sé an méid talmhan a chonnaic sé ó bharr an chaisleáin dhó.Is iad na tíghearnaí talmhan a roinn an talamh i feirmeachaibh ar dtúis. Tugh na daoine chuid des 'na deachmaithe don "tíghearna talmhan", agus don "Parson". Is iad na barraí a thug na daoine díobh.
Síle Ní ChonchubhairAinm agus seóladh an té a thug an méid eólais thuas i nGaédilg dom:-Séamus Ní Chonchubhair,
Ceathrú-na-h-Abhann
Lios-a-Phúcha- Bailitheoir
- Síle Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí