Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuileannach (C.)
- XML Leathanach 393
- XML “An Reilig”
- XML “Scéal i dtaobh Reilige”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá ceithre reiligí san bhparóiste seo. Tá ceann i gCnocán, tugtar "Cnochán" mar ainm air. Tá ceann eile i "nDunló", agus tugtar "Cíllín" mar ainm air. Tá ceann i gCíll-Locáin, ach ní úsáidtear anois é. "Seana Theampoill" a tugtar mar ainm air. Tá ceann eile i gCíll Gobhnait, ach ní úsáidtear anois é. "Cíll Gobhnait" a tugtar mar ainm air. Is san gceann atá i Dúnló a chuirtear na leanbhaí a chailleann gan baiste. Cuirtear daoine san reilig atá i "gCnochán" fós. Tá "Teampoill Prothastúnach" innte agus bhíonn Aifreann ag na Prothasthúnaigh ann gach Domhnach. Tá aon sean fhothrach ann, ach ní chuirtear aon daoine innte. Bhí alán sean fhothracha ins a' reilig a bhí i gCíll-Locháin agus tá cheann acha le feiscint fós. Chuireadh daoine ins na sean-fhothracha san. Tá alán sean-croiseanna agus tumbhaí san reilig atá i "gCnochán". Tá clocha móra, leibheálta, agus ceann ortha innte leis. "Ceann Clocha" a tugtar mar ainm ortha. Reilig ana mhór iseadh an reilig san.
- Bailitheoir
- Síle Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí
- I bpáróiste "Firies" tá reilig ann. Tugtar "Cill na n-Aer" mar ainm ar an reilig. Ní raibh sé ann in-aon-chor ar dtúis, acht aon oidhche tháinig sé(leanann ar an chéad leathanach eile)