Scoil: Cuileannach (B.) (uimhir rolla 1199)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Peadar Ó Cochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gaedhil an conndae ar fad cómh fada ó thuaidh le Oileán Chiarraighe agus do ghlacadar seilbh na gcaisleán go léir a thóg na Normánaigh sa duthaig sin. An Leamhain a bhí mar teórainn idir talamh Mic Chárthaig agus talamh Uí Shúileabháin. Mar sin do thoghaidh Ó Súileabháin Mór caisleán Dúnló mar ionad cómhnuidhthe d'á mhac ba shine. Bhí an mac san mar thaoiseach ar na daoine sa pharóiste so agus do tugadh Ó Súileabháin Cúil na nGort mar ainm air. Bhí an teidol céadna ag a mhac ba shine agus mar sin de go dtí go dtaínig Cromail. Do leag Ludló oifigeach Chromail an caisleán agus do ghlan Ó Súileabháin as an áit ar fad. San geagadh san i gcoinnibh Chromail do marbhuigheadh Ó Mathghamhna ó Droichead na Banndan agus do ghaibh na Sasannaigh a thalamh go léir. Bhí an Mathghamhna san pósta le driofuír Uí Shúileabháin Mhóir agus bhí mac aca, go raibh na Sasannaigh ar a thóir chun é do chur chun bháis cómh maith le'na athair. Ach nior eirig leó é d'fághail mar chuaidh an mac óg i bhfolach i-n áit iargeúltha ar a dtugtar an Gleann Dubh ( Black Valley ) in ndúthaig a mháthar.San nGleann Dubh mar sin do togadh Ó Mathghamhna. Nuair abhí sé óg do phioc coileach a shúil amach agus as san amach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Cochláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Lios an Phúca, Co. Chiarraí