Scoil: Cuileannach (B.) (uimhir rolla 1199)

Suíomh:
Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Peadar Ó Cochláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 406

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 406

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cuileannach (B.)
  2. XML Leathanach 406
  3. XML “Seanchaisleáin na Dúthaí seo - Dúnló”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gaedhil an conndae ar fad cómh fada ó thuaidh le Oileán Chiarraighe agus do ghlacadar seilbh na gcaisleán go léir a thóg na Normánaigh sa duthaig sin. An Leamhain a bhí mar teórainn idir talamh Mic Chárthaig agus talamh Uí Shúileabháin. Mar sin do thoghaidh Ó Súileabháin Mór caisleán Dúnló mar ionad cómhnuidhthe d'á mhac ba shine. Bhí an mac san mar thaoiseach ar na daoine sa pharóiste so agus do tugadh Ó Súileabháin Cúil na nGort mar ainm air. Bhí an teidol céadna ag a mhac ba shine agus mar sin de go dtí go dtaínig Cromail. Do leag Ludló oifigeach Chromail an caisleán agus do ghlan Ó Súileabháin as an áit ar fad.
    San geagadh san i gcoinnibh Chromail do marbhuigheadh Ó Mathghamhna ó Droichead na Banndan agus do ghaibh na Sasannaigh a thalamh go léir. Bhí an Mathghamhna san pósta le driofuír Uí Shúileabháin Mhóir agus bhí mac aca, go raibh na Sasannaigh ar a thóir chun é do chur chun bháis cómh maith le'na athair. Ach nior eirig leó é d'fághail mar chuaidh an mac óg i bhfolach i-n áit iargeúltha ar a dtugtar an Gleann Dubh ( Black Valley ) in ndúthaig a mháthar.
    San nGleann Dubh mar sin do togadh Ó Mathghamhna. Nuair abhí sé óg do phioc coileach a shúil amach agus as san amach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Liam Ó Cochláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Lios an Phúca, Co. Chiarraí