Scoil: Gleann na gCoileach (uimhir rolla 1583)
- Suíomh:
- Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí an-dhúil aige ar chnóthaí agus dúbhairt sé le na bhean nuair a gheóbhaidh sé bás, mála cnóthaí a chuir sa gcómhra leis. Tamall in a dhiaidhsin cailleadh an fear agus chuir an bhean na cnóthaí sa chómhra leis. Bhí beirt gadaidhe ag éísteacht leis agus an oidhche sin chuadar go dthí an roilig agus thógadar aníós an mála cnóthaí agus thósnuigheadar ghá mbriseadh ar an leach. Annsan dúbhairt fear achu, leis an bfear eile go mba bhreágh an rud chaoire a goidh. D'imthig duine acu, agus d'fhan an duine eile acu ag mbriseadh na cnóthaí. Tamall in a dhiaidh sin bhí fear ag dul an bealach agus chúala sé an fothramh sa roilig. Rith sé abhaile agus dúbhairt sé le na mhuinntir go raibh an fear a cuireadh indé in a shuidhe ar an uaig ag briseadh na cnóthaí. Bhí sean-bhean sa mbaile ná raibh chosaidheacht maith aici, le roinnt blianta roimhe sin agus dúbhairt sí le na mach í a iomchar ann go bfheicfhead sí an fear. Nuair a bhíodar ag teacht in ghar do'n roilig chonnaich an gadaidhe ag teacht iad agus cheap sé gur bhí a chomráiduidhe a bhí ag teacht leis an gcaora. Glaoidhe sé amach "an bhfuil sí reamhar." Chaith an fear an chailleach ghá dhruim ar an dtalamh agus dúbhairt "má's reamhar nó caitthe bhíodh sí agat agus rith sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Seóigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Ó Seóigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann