Scoil: Gleann na gCoileach (uimhir rolla 1583)
- Suíomh:
- Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann na gCoileach
- XML Leathanach 040
- XML “Scéal mar gheall ar Dhónall Ó Conaill”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)A Dhómhnaill Uí Conaill an dtuigeann tú gaedhleann.
Do bhain sin geit as Ó Conaill ach do d'fhreagair - Ó tuigim go maith a chailín ó Éirinn. Annsan dubhairt sí. Tá nimh ins an cupán sin taobh leat. Mé féin do chonnaic an feall, agus beidh deire led'shaoghal. Má ólair, is baoghal. Ní fillfir go h-Éirinn bíodh geall. Ní nach iongnadh níor ól Ó Conaill an fíon ach d'aistrig sé an gloine agus in ionad dioghbhail do phléidh air is amhlaidh a d'fhill an feall ar an bfeallaire. (gan teideal)
“Is gnáthach sa ceanntar seo stóchach d'fhághail nuair bíodh daoine ag déanamh chleamhnais.”
Is ghnáthach sa cheanntar seo stochach d'fhaghail nuair a bhíonn daoine ag déanamh chleamhnais. Is air a bhíonn an tógaint agus an tabhairt an roinnt agus an cainnt agus an focal deireannach sa cleamhnais. Ní bhíonn na sean-daoine ach an margadh do chóilíonadh. San áit seo bhí fear, deirtear gur b'é an stóchach do b'fhearr dár mhair riamh sa Chonndae. An stochach a bhí air mar leas ainm. Uair amháin cuir fear é ag déanamh cleamhnais dá inghín go thig feirmeora a bhí 'na chómhnuidhe timcheall seacht nó hocht míle ó'n áit. Cheap gach aoinne go raibh an feirmeoir go compórdach, saidhbhir, agus go raibh gach nídh agus rud a bhaineann leis an saoghal aige, agus dá mba rud é gur féidir leis an gcailín mac an fhéirmeora do phósadh go mbéadh ádh thar bhárr aice. D'imthigh an stochach agus an fear géar- súile, cliste,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- M. Sullivan