Scoil: Gleann na gCoileach (uimhir rolla 1583)
- Suíomh:
- Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann na gCoileach
- XML Leathanach 071
- XML “Na Faoistiní”
- XML “Beirt Driothár agus Roinnt Feola”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Gur glacadh san réim beannuighthe é
Dob féasach do'n t-saoghal fairsing go léir
Gur pheachach bhí air stra Magdalen
Is dá cuirpeacht é a bheatha le léigheamh
Go dtug sileadh na mbraon Flathais di. - Bhí beirt driotar na gcómhnuide amuigh fe'n dtuath auir amhain. Feirmeoirí ab' ead iad ar aon. Tadhg ab'ainim do duine acu agus Dómhnall ab' ainim do'n duine eile acu. Bhí feirm Taidhg ar an dtaobh thuaidh de'n abainn agus feirm Dhómhnaill ar an dtaobh teas di. Do mharbhuigheadar bhó i gcóir na Nodhlag agus do sócruigeádhár ar an b'fheóil do roinnt na dá leath eadatra. Ar an bfeirm thuaidh iseadh do marbhuigeadar an bhó agus dúbhairt Dómhnall le Tadhg go gcuirfheadh garsún cuige lá ar na mbáíreach chun na coda féín, de'n fheóíl do breith abhaile. Tá go maith arsa Tadhg bheidh sé an cuige, pé uair a thiochfaidh sé. Bhí sin go maith agus ní raibh go h-olc ach do chuaidh an garsún ó thuaidh agus do tug Tadhg leath na fheóla dó, ach níor thug sé faich eile dó. Bhí an garsún sásta agus tháinig sé abhaile. Bhí Dómhnall(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- P. Grady
- Faisnéiseoir
- W. Foley
- Seoladh
- Loch Cárthaí, Co. Chiarraí