Scoil: Gleann na gCoileach (uimhir rolla 1583)
- Suíomh:
- Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oilithreach gan eiribhalBhí fear ann fadó agus do bhíodh sé ag siúbhal mór tímcheall na dúithche ar lorg déarca. Fear ciún macánta ab'eadh é agus saghas file do b'eadh é. Ghídh go raibh sé na fear déirce bhí sé an-ghlan ar fad. Oidhche áirighthe fuair sé lóisdín na h-oidhche i dtig feirmóra, in aice na h-áite seo, fear an-shúgach ab'eadh é agus thaithnigh a cuileachta leis an bhfeirmeóir i dtreó gur leag sé dul a codhladh in a leabaidh féin. Bhí an fear bocht sásta ach ní raibh sé i bhfad sa leabaidh. Nuair do mhothuig sé rud éigin ghá phriocadh agus do bhí sé ag druid anonn agus anall sa leabaidh. Tháinig iongnadh ar an bfeirmeóir agus d'fhiafruig sé dhe cad a bhí ag baint dó mar dúbhras cheana file ab'eadh é, agus seo mar thug sé an freagra do'n feirmeóir
Mar do chuaidh oilithreach gan eiribal go pras fé an súise
Agus is creimitheach a bheireann sé ar gach cnámh lium-sa
Ach beirim-se m'fhochal dó dá bfaghaim-se im dhorn dúnta
go mbeidh deire leis a chuid eitealach go dthí lá an cúntais.- Bailitheoir
- S. Riordan
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- B. Moriarty
- Aois
- 63