Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (C.)
- XML Leathanach 208
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Beal Átha an CléibhSé an cúis go ghlaodhann siad Béal Átha an Cléibh air ná go raibh daoine na gcomhnuidhe ann fadó go ghlaoidís ortha na Tórnaithe. Bhídís ag déanamh mugaí agus cupáin adhmaid agus do réir mar a chuala Protastunaig do beadh iad. Bhídís ag iascach san abhainn go nglaodhann siad Abha Carrthaighe air. Cléibheanna iascaig a bhíodh aca. Bheiridís ar moran éisc go mór mhór bradáin agus bric. Sin é an tslighe a bhíod aca chun iad féin a chothugheadh chomh maith le bheith ag deanamh mugaí. Fé dheireadh mhairbh daoine an pharóiste iad agus chomeádadar amach as an áit iad mar theastuig an t-iasg uatha féin mar bhí an saoghal go h-olc san ansan. Ní fheacathas riamh ó soin iad san áit sin. Sin é an fát go nglaoidhtear Béal Átha an Cléibh air.
Coill CiabhachTugtar Coill Ciabhach uirthi mar tá coill ann agus ait ciabhach iseadh í. Bíonn ceo ann go minic.
Ross BeithePíosa talmhan árd ag dul amac sa bhfairrge iseadh an áit seo agus ritheann Abha na Beithe taobh di.
DumhchaCnoc gainmheach iseadh Dúch agus tugtar Dumhcha ar an áit mar gheall ar na cnuic gainmhidhe atá ann.