Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (C.)
- XML Leathanach 215
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ciaca ba mheasa leat máthair chéile bhean do dhriothár nó inghean driothar t'-athar?
Freagra:- Máthair céile bean do driothár = do mháthair féin.
Caipillín ar stábla
A's é na chos ináirde
A's deamhain ar chos a chorruig sé
Freagra:- Túirne lín
Tógfhainn in mo ghlaic é
Is ní chuirfheadh an Ríg gad air.
Freagra:- Gaineamh.
Chuaidh sé suas an bóithrín agus tháinigh sé anuas an an bóithrín Thug sé an bóithrín leis ar a dhrom
Freagra:- Dréimire
Chaith mé suas é cómh geal le sneachta
A's thuit sé anuas na h-ór buidhe air leachta
Greagra:- Ubh.
Níl sé amuigh na istigh:-
Is cím gach uile lá é
Freagra:- Fardoras
Maor na créige ó bliadain go bliadhain
Gan biadh, gan págha ag buacailleacht
Freagra:- Dasaon raithinigh.
Donnchad dubh san gclúidh
'S a mheur na bheul
Freagra:- Buidéal agus corca ann.