Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (C.)
- XML Leathanach 229
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear cois Mainge fadó darbh ainm dó Uilig Ó Géirín agus ní raibh sé féín agus an sagart ana bhuidheach dá chéile amr ní raibh aon airgead aige le tabhairt do'n sagart.Lá amháin chuaidh sé go dtí an sagart chun faoisdin d'fhághail uaidh. Dubhairt an sagart leis imtheacht uaidh ná bhfaghadh sé aon faoistín uaidh, go gcaithfead sé dul go dtí an easbog chun faoistin d'fágháil uaidh.Fé cheann cúpla lá tháinig an fear go dtí an easbog agus d'innis sé an sgeul do. Dubhairt sé leis an easbog ná h-éisteócadh an sagart paróiste leis "Cad a dhenis as an tlighe" arsa'n Easbog."Do dheineas faillighe faoistinne agus sior (?) mhór mhóideAg briseadh na saoire agus ag cuing mná phóstaGo minic am shaoghal gan scilling am' phocaAgus ní bhíonn an eaglais sítheach le daoine den tsórt san."
Nuair a chualaidh an easbog cad dubhairt sé, dubhairt sé leis imtheacht abhaile, agus do scríóbh an easbog go dtí an sagart annsan agus dubhairt sé leis an sagart gan a leithéid sin de duine chur chuige go bráth airís. Ní raibh an sagart ró buidheach don chladhaire nuair a fuair sé leitir an Easboig agus nuair a tháinig
(lean ar leath a 31)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Séaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Séaghdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí