Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (C.)
- XML Leathanach 239
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí garsún i gCiarraidhe fadó agus chuaidh sé go dtí Conndae Luimnigh ag tuilleamh a thuarasdail. Chaith sé téarma ann agus nuair a bhí sé ag filleadh abhaile thuit an oidhche air agus chuaidh sé amú. Nuair a bhí sé tamall mór de'n oidhche ag dul amú agus gan aon eólas aige ar cá raibh sé, chonnaic sé solas tamall éigin uaidh agus chuaidh sé fé na dhein. Is amhlaidh a bhí bótháinín beag ar imeall coille. Chuaidh sé isteach sa bothán agus bí sean duine agus sean bhean istig agus bhíodar ina suidhe inaice na teineadh agus d'iarr sé lóistín go maidin ortha. Dubhradar leis ná fhéadfaidís aon lóistín do thabhairt d'aon sróinséar" Arú ní haon sróinséar mise ac garsún bocht ó Chonndae Ciarraighe atá ag teacht ó Luimnig ó bheith ag tuilleamh mo pháig agus táim amú agus fág istig go maidin mé". Annsan dubhairt na sean daoine le na chéile go raibh an garsún bocht tuirseach agus go dtuitfeadh a chodhladh air agus ná thógfad sé aon tsuim d'aon nídh a thuitfeadh amach go maidin agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Murchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Dumhcha, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ríoghbhardáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Dumhcha, Co. Chiarraí