Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (C.)
- XML Leathanach 254
- XML “Áitainmneacha - Conas mar a Fuair Loch Cárthaí A Ainm”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Conus mar a fuair Loc Carrthaighe a Ainm
Deirtear go bhfuair Loc Carrthaighe a ainm ó Mac Cárrtaig Mór a bhí i na Iarla i nGleann Cárrtaig agus i n-Oileán Dairbhre le linn Eibhlíse.Do bhí Iarla i Deas Mumhan ó'n mbliain 1548 go 1596 Domhnall a b'ainm dó. Do shíolruigh sé ó Fáilbhe Flann a bhí 'na righ i gCúige Mumhan timceall na bliadna 900 A.D. Ní raibh aon mac ag Domhnall ach bhí inghean aige dar bainm di Eibhlín agus do phós sí Fingin Mac Cárthaig sa bliain 1585 agus sé sin an Mac Cartaig Mór go bhfuilim ag trácht air ó na fuair Gleann Cárrtaig agus Loch Cárrthaig a n-ainmneacha. Deirtear go bhfuair Mach Cárrthaig Mór a thiodal ó Aodh Ó Néill.Mo shean-athair Tomás Ó Conchubhair ó Gleannchárrthaig a innis an sgeul so dom.- Bailitheoir
- Peig Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loch Cárthaí, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Conchubhair
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Chárthaigh, Co. Chiarraí