Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deineadh an caisleán atá thiar i nGleannbheithe sa bhliain 1869. Ar thosnú an chaisleáin ghlanadar an bun. Is i gcooiréal Fosa fuaireadar na clocha agus le capaill agus cairteacha iseadh tarraingeadh suas go dtí an caisleán iad. Sasanaig ar fad do beadh na ceárdaidthe. Bhí an ceud lochta fé thalamh agus bhí trí túir ann, dá cheann beag, agus ceann an-árd. Bhí na fuinneóga a bhí air an-chumhang ach iad a bheith fada agus a gcinn ronnáltha (?). Bhí sé ráidhte go raibh sé ag súghadh na báistíghe agus chaitheadh an túr mór a leagadh agus níor dhein san dó é. Níor cuaidh bhuinn chun cómhnuighthe riamh ann tar éis na míle púnt a bhí caillte leis mar bhí sé ráidhte imeasg na ndaoine gur chuir an tAthair Tomás Ó Gríbhthín eascaine ar an gcaisleán. Sé an fáth gur chuir an t-Athair Tomás Ó Gríbhthín an easgaine sin ar an gCaisleán ná go raibh bean Uí Bhuinn ag cur isteach ar na sagartaibh agus na "Nuns" agus lá amháin bhí an t-Athair Tomás ag gábháil an bóthar a ritheann i n-aice an chaisleáin. Do stad sé agus do smaoinig sé agus dárduig sé a lámh agus dubhairt sé ná ndeunfadh an caisleán ach chuirt do phréacáin nó "barrac" do saighdiúirí feasta, agus ná beadh sé i n-áit chomhnuighthe do Bhuinn ná dá mhnaoi ná dá chlainn.
- Bailitheoir
- Cáit Ní Churráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Curráin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí