Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Baintear fód mar mhúnla i gcóir an chléibh. Cuirtear tuigí dúbalta , sé sin gach dhá cheann le chéile i na seasamh mór timcheall ar mhúnla an chléibh. Sáidhteáin a tugtar ar na tuigí a bhíonn i na seasamh mór timcheall. Cuirtear sé cinn deug ar fad díobh, dhá thuig gach aon am, timcheall an mhúnla. Annsan deintear an caoladóireacht . Is mar seo a deintear é. Cuirtear tuig fé bhun dhá thuig dubalta agus ós cionn an ceud dá cheann eile, fé bhun an cheud dá cheann eile agus mar sin de. Na slata míona tughtar ar na tuigí le na ndeintear an caoladóireacht. Nuair a bhíonn sé sin deunta aca iompuightear an cliabh bun os cionn agus deintear an tóin ins an tslighe ceudna.
- Bailitheoir
- Peig Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loch Cárthaí, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 88
- Seoladh
- Gleann Chárthaigh, Co. Chiarraí