Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (C.)
- XML Leathanach 295
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ana shaidhbhir ann uair amháin agus chuir sé pota óir thuas sa tsliabh. Ní raibh sé i bhfad ann nuair a tóg muc é. Nuair a chuaidh sé ag triall ar an bpota óir ní raibh sé le fághail. Bhí sé ag réabadh is ag réabadh. Tháinig sé abhaile sa deire thuirseach cráidhte agus chuaidh a codladh go dtí lá ar na bháireach. Chuaidh sé suas arís agus fuair sé an pota óir san áit céadna. Tháinig sé abhaile agus cuir sé an pota óir thíos fé'n mbórd agus i gceann tamaill arís d'fhéach sé fé'n mbórd aagus bhí an pota óir imthighthe. Bhí sé ana chráidhthe agus ní raibh fhios aige cad a déanfhadh sé. Dubhairt sé go ragadh sé suas arís. Chuaidh sé suas agus chonnaic sé muc thuas agus an pota óir aici. Lean an fear an mhuc agus bhain sé di an pota óir. Tháinig sé anuas agus chuaidh sé a chodladh agus chuir sé an pota óir fé na leabaidh. Nuair a bhí sé 'na chodladh tháinig madra ruadh agus dhein sé poll sa doras agus ghoid sé an pota óir i bhfuiris í
Níor bhfada gur dhuisig sé arís agus leim sé amach as an leabaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Dumhcha, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ríoghbhardáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Na Dumhcha, Co. Chiarraí