Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 017
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seana-SgéulDo bhí fear ann fadó, ‘sé ainm a bhí air ná Seán. Bhí sé ana-bhocht mar ní raibh aige ach aon bhó amháin. Ní raibh aon airgead aige chun an chíos do díol, agus cuir sé roimhe an bó do dhíol. Maidin áirighthe d’eirig sé go moch chun dul ar an aonach, agus an bhó do dhíol. Ní raibh sé ach leath-slíghe an bhóthair nuair a bhuail firín beag ruadh leis. Do bheannuigheadar dá chéile agus d’íarr an fhirín air cá raibh sé ag dul leis an bó, agus dubhairt Seán go raibh sé ag dul go dtí an aonach cun í do dhíol. D’íarr an firín airís air cad a bhí sé á íarraidh ar an mboin, agus dubhairt Seán go raibh sé ag iarraidh cúig puint uirthi. Dubhairt an firín beag ruadh leis ansan go dtabharfadh sé féin buidéal do uirthi, agus nuair a raghadh sé abhaile, é chuir ar an mbórd, agus a rádh, “A bhuidéil, a bhuidéil,dein do ghnó.” Thóg Seán an buidéal agus thug sé an bhó do’n firín beag ruadh, agus do sgaradar.
Nuair a chuaidh Seán abhaile do chuir sé an buidéal ar an mbórd, agus dubhairt sé “, “A bhuidéil, a bhuidéil,dein do ghnó.” Le na linn sin do léim triúr fear amach as an mbuidéal, agus d’iarradar de cad é an gnó a bhí aige dóibh, agus dubhairt Seán mála óir a thabhairt do, agus chuadar isteach sa buidéal airís.
Cúpla lá ‘na dhiaid sin do tháinig an tíghearna talmhan ag iarraidh na cíosa. Níor dhein Seán ach a lámh a chur isteach sa mhála, agus do shín sé cúig píosaí d’óir, breágh, buídhe do’n dtíghearna talmhan. D’fhéuch an tíghearna talmhan air go h-ionghantach,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Curnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Curnáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Caol Dubh Uachtarach, Co. Chiarraí